Tuarascáil Speisialta 83 – Máinliacht Lae Roghnach a Bhainistiú
Foilsithe 19 Lúnasa 2014
Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar bhainistiú ar mháinliacht lae roghnach ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Déantar scrúdú sa tuairisc seo ar rátaí máinliacht lae, i gcomhthéacs spriocanna leagtha síos ag an FSS, agus na treochtaí i ngníomhachtaí máinliacht lae ó 2006. Déantar athbhreithniú sa tuairisc chomh maith ar chleachtais reatha in ospidéil na hÉireann i ndáil le máinliacht lae d’fhonn deiseanna le haghaidh feabhais a shainaithint, chun monatóireacht a dhéanamh ar an leibhéal reatha feidhmíochta agus chun na bacainní roimh rátaí máinliacht lae a mhéadú a shainaithint.